Skip to main content

056-7760200 | kecsec@eckilkenny.ie

Scríobh Leabhar Project

            

 

Project in partnership with Foras na Gaeilge and Clár na Leabhar Gaeilge

Scríobh Leabhar is a Project sponsored by Clár na Leabhar Gaeilge. The Project is organised in partnership with various Education Centres throughout Ireland. Scríobh Leabhar provides Primary school students with the opportunity to write, design and publish their own books in Irish. It promotes the reading and writing of Irish amongst young children. Children write, design and bind their own books under the direction of their teachers. The main focus of the Project is the writing process itself. The Project is very flexible, each child in the class can write their own book, or work together in groups, or the entire class can write a book.

Children have two options in relation to the type of book they wish to write. Their book can be handwritten or teachers may use relevant educational apps to help the children to write digital books if they wish. The Professional Development Service for Teachers (PDST) have created a list of Literacy apps as a support for Primary schools. Each child who participates in Scríobh Leabhar receives a Certificate, a pencil case and colouring pencils.

 

Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge. Reáchtáiltear an tionscadal i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann. Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann sé léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga. Déanann na páistí a gcuid leabhar féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal faoi threoir a múinteoirí. Cuireann an tionscadal an-bhéim ar an bpróiseas scríbhneoireachta féin. Tá an tionscadal an-solúbtha, is féidir le gach páiste sa rang a leabhar féin a scríobh, nó obair lena chéile i ngrúpaí, nó is féidir leis an rang ar fad leabhar a scríobh.

Bíonn dhá rogha ag na páistí maidir leis an gcineál leabhair a scríobhann siad. Is féidir leo leabhar a scríobh de láimh nó is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as aipeanna oideachais ábhartha le cabhrú leis na páistí leabhar digiteach a scríobh más mian leo. Tá liosta aipeanna liteartha curtha ar fáil ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí mar thacaíocht do bhunscoileanna. Faigheann gach páiste a ghlacann páirt i Scríobh Leabhar teastas, cás peann luaidhe agus pinn luaidhe dhaite.